Tine sa Chacoin

Tine sa Chacoin voorzijde
Tine sa Chacoin achterzijde
  • Tine sa Chacoin voorkant
  • Tine sa Chacoin achterkant

Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán. Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn. Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. --- Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabh ar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa), agus An Fhondúir eacht (2014 - leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).

Specificaties
ISBN/EAN 9781782012245
Auteur Panu Petteri Hoeglund
Uitgever Van Ditmar Boekenimport B.V.
Taal Iers
Uitvoering Paperback / gebrocheerd
Pagina's 200
Lengte
Breedte

Wat vinden anderen?

Er zijn nog geen reviews van dit product.